Seo na leasuithe a mholfainn don Dréachtphlean nua:
CU26
An Ghaeilge
Leanúint ar aghaidh ag tacú le Gaeilge mar cuid dár bhféiniúlacht agus mar theanga bheo laistigh den chathair agus roghanna a chur i bhfeidhm chun teanga agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn trí bheartas, plean teanga agus ghníomhartha.
CU046
Oideachas trí mheán na Gaeilge
Leanúint ar aghaidh ag dul i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun tacú leis an bhfás ar oideachas trí mheán na Gaeilge agus chun oibriú leis an Roinn agus an pobal ag éileamh an Ghaeloideachais chun áiseanna a sholáthar chun freastal ar an éileamh sa chathair.
CU050
Forbairtí nua a ainmniú
A chinntiú go dtaispeántar agus go n-ainmnítear gach forbairt nua i nGaeilge amháin, chun tearcionadaíocht stairiúil ainmneacha Gaeilge sa Chathair a cheartú; agus ag an am céanna éagsúlacht shaibhir na staire agus bunús logainmneacha agus ainmneacha baile fearainn i mBaile Átha Cliath a léiriú, chomh maith le hainmneacha a léiríonn stair shóisialta gach áite.
CU28
Soláthar deiseanna agus spáis don Ghaeilge
Fás agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i gCathair Bhaile Átha Cliath agus soláthar deiseanna agus spáis do dhaoine i mBaile Átha Cliath le Gaeilge a foghlaim.
CU051
Mol Teanga agus Cultúir Chathair BÁC
An fhorbairt de Mhol Teanga agus Cultúir Suaitheanta do Chathair Bhaile Átha Cliath a chur chun cinn agus tacú léi ar Shráid Fhearchair, mar a leagtar amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 agus mar chuid de Thionscadal Éireann 2040.
CU045
Ceathrú Ghaeilge BÁC
Forbairt Ceathrú Ghaeilge BÁC agus í a chur chun cinn, tacú léi agus aitheantas a lorg di i gceantar theas na Cathrach, thart ar cheantar Shráid Fhearchair, mar Líonra Gaeilge.
CU052
Líonraí Gaeilge
Iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna chun tacú le húsáid níos mó a bhaint as an nGaeilge laistigh de shráidbhailte uirbeacha roghnaithe sa chathair. Tacú le cur chun cinn na Gaeilge agus tionscnaimh tacaíochta chun ceantair le líonraí Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath, ina measc eastáit tithíochta trí Ghaeilge a thógáil.